-
Digital Hub
A co-working GTEIC hub
- Home
- Digital Hub
Fáilte go dtí ár mol digiteach. Táimíd lonnaithe in áit thar a bheith ciúin agus síochánta i gCillín Liath(Killeenleagh), sráidbhaile beag i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.
Tá na háiseanna moil seo feiliúnach d’obair chianoibrithe, do shaorálaithe, do ghnólachtaí nuathionscanta, do mhic léinn chomh maith le cuairteoirí, agus tá siad ar fáil go fadtéarmach nó díreach don lá.
Lasmuigh den mhol féin sa choimpléasc tá seomraí inar féidir cruinnithe a reáchtáil agus halla pobail inar féidir cruinnithe nó imeachtaí níos mó a éascú. Tá brú ar ardchaighdeán ann chun cuairt a thabhairt ar lucht gnó nó chun seimineáir ghnó a eagrú srl. Ar an láthair tá áis cúram leanaí a fhreastalaíonn ar leanaí ó dhá mhí dhéag go dtí dhá bhliain déag. Áirítear leis seo seirbhís Iarscoile do thuismitheoirí atá ag obair. Ina theanta sin, tá caifé lonnaithe san ionad freisin agus is féidir go leor rudaí deasa a cheannach ann, ar nós ceapairí, scóna, anraith, cístí, caife agus tae. Tá sé ar oscailt ó Luain go hAoine.
Cuirimíd lóistín ar fáil anseo freisin agus is féidir é a chur in áirithe trínár dtairseach áirithinte ar an suíomh anseo. Má theastaíonn aon eolas eile uait faoi seo, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh lenár n-oifig.
Gteic @ An Dromaid – seol ríomhphost chuig maistirgaoithe@eircom.net nó glaoigh ar (066) 9474782.












