-
Business Units
Over 300 sq. m of office space already built on site, made up of three units of 100sq. m each
- Home
- Business Units
Aonaid Ghnó
Is fiontar sóisialta pobail í Forbairt na Dromoda Teo, lonnaithe i nGaeltacht Uíbh Rathaigh i gCiarraí Theas. Bunaíodh an fiontar sóisialta pobail seo sa bhliain 2000 agus é mar aidhm aige fostaíocht a chur ar fáil go háitiúil, an Ghaeilge a chur chun cinn agus na seirbhísí sóisialta is tábhachtaí a sholáthar in áit a fheiceann agus a dhéileálann le go leor dúshláin.
Táimíd lonnaithe i gceann de na sráidbhailte is nuaí in Éirinn, ar a dtugtar an Chillín Liath. Bunaíodh an Chillín Liath blianta fada ó shin, nuair a osclaíodh an bunscoil áitiúil (Scoil Náisiúnta Cillín Liath), sa bhliain 1973. Ní raibh rochtain ag an bpobal ar sheirbhísí áitiúla dá mhuintir nó dá óige ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin. Sár i bhfad, bunaíodh teach tabhairne agus siopa beag go déanach sna 1980idí. Bheadh an teach tabhairne seo ina chuid riachtanach den phobail agus ina asraon riachtanach do go leor daoine. Bhí tuilleadh forbairthe le feiceáil sa cheantar iargúlta seo, nuair a tógadh Séipéal Mhuire sa Ghleann sa bhliain 1990. Tá sé ar cheann de thrí eaglais sa pharóiste agus tháinig sé ina ionad eaglais níos sine a bhí lonnaithe i Máistir Gaoithe, suite siar ó Chillín Liath. Le dul chun cinn rathúla déanta i gCillín Liath, shocraigh muintir na háite tabhairt faoi thionscadal nua, rud iontach a bhí doshamhlaithe ag an am.
Inniu, le cabhair ó Údarás na Gaeltachta, seasann Ionad na Dromoda i gCillín Liath. Tá an ionad uathúil seo lán de ghníomhaíocht ar feadh na bliana, le go leor áiseanna ann ag tacaíocht le muintir na háite seo.
Tá Gteic@AnDromaid lonnaithe sna haonaid fiontar. Áis cianoibre atá i gceist, agus is cuid de Ghreasán Digiteach na Gaeltachta é. Tá leathanbhanda ar fáil ar an láthair, chomh maith le páirceáil agus rochtain do gach cineáil feithicle. Bíonn an fhoireann anseo ar fáil i gcónaí chun tacaíocht riaracháin agus phraicticiúil a thabhairt. Tá réimse leathan eolas áitiúla acu, a bheadh thar a bheith luachmhar do thionaintí lonnaithe anseo in Ionad na Dromoda.
Tá cúram leanaí lonnaithe ar an suíomh chomh maith. Ais cúram leanaí atá i gceist, ag tabhairt aire do pháistí trí mheáin na Gaeilge. Tá an ais seo lonnaithe díreach in aice leis an Mol Gteic, fíor-áisiúil do thuismitheoirí a bhíonn ag obair le páistí beaga acu.
Tá lucht saothair oilte ar fáil go héasca anseo sa Dromaid, mar thoradh ar oiliúnt fairsing TF a cuireadh ar fáil in Ionad na Dromoda le blianta beaga anuas. Tá foireann díograiseach fostaithe anseo i gCillín Liath, le scileanna uathúla, ag cabhrú leo na seirbhísí iontacha a thaispeánann siad gach uile lá a chuir ar fáil. Tá thart ar 30 daoine fostaithe ar an láthair anois, idir na hoifigí poiblí, an brú, an ionad lae, an ais cúram leanaí, na scéimeanna RSS agus CE agus an mol Gteic. Le chéile leis na haonaid ghnó, tá Forbairt na Dromoda i gcónaí ag dul i bhfeabhas, mar an t-aon fhiontar sóisialta atá ag an bpobail.
Tá an brú lonnaithe i lár na físe seo, áit ar féidir linn cóiríocht a thabhairt do suas le 30 duine agus cuirimíd fáilte roimh chuairteoirí ó gach cearn den domhan. Bíonn an halla pobail, atá lonnaithe díreach taobh leis an mbrú, iontach gnóthach i gcónaí, toisc go mbíonn ceolchoirmeacha,seónna,ranganna agus imeachtaí ag tarlú an t-am ar fad. Tá 6 theach saintógtha do dhaoine scothaosta agus ionad sóisialta lonnaithe dírach in aice linn anseo, ag soláthar seirbhíse béilí agus ag cur asraon sóisialta ar fáil dosna daoine scothaosta atá ina gconaí sa cheantar seo. Ina theanta seo, tá ionad athchúrsála ar an láthair anseo, agus tá sé thar a bheith áisiúil don cheantar. Tá dul chun cinn iontach déanta againn anseo i bhForbairt na Dromoda, le carr cúram ailse faighte againn le déanaí. Braitheann an tseirbhís seo ar thiománaithe deonacha, chun othair a iompar chuig a gcoinní ospidéil. Ní hamháin go soláthraíonn an gníomh cúnamh seo ar cheantar na Dromoda, ach do leithinis Uíbh Ráthaigh ar fad.
Íoslódáil ár mbróisiúr anseo !.
