Halla Pobail
Tá halla spóirt den chéad scoth ar fáil ar an láthair anseo. Bíonn éileamh mhór ar an áis seo i gcónaí agus is minic a bhíonn ceolchoirmeacha agus seónna ar siúl anseo chomh maith. Gach bliain, bíonn céiliúradh Éigse na Brídeoige ar siúil ar leithinis Uíbh Ráthaigh, le raidhse leathan ealaínteoirí is ceoltóirí ag glacadh páirt sa chéiliúradh coitianta seo. Ní nach ionadh é go mbíonn halla na Dromoda mar cheann dosna háiteanna is coitianta dosna taibheoirí cumasacha seo. Go dtí seo, tá fáilte curtha againn roimh go leor dhaoine aitheanta i saol an traidisiúin agus an cultúr Gaelaigh, mar shampla, Breandán Ó Beaglaíoch, Altan agus Muireann Nic Amhlaoimh gan ach cúpla a ainmniú.
Is é ár halla an suíomh is fearr i gcomhair imeachtaí ar nós Scór, Bingo agus tiomsaitheoirí airgid éagsúla toisc go bhfuilimíd in ann freastal ar sluaite móra. Tagann sluaite ó chian is ó chóngar chun tacú leis na cúiseanna áitiúla seo.
Taistealaíonn leanaí agus daoine fásta ó gach cearn de Chiarraí Theas chun páirt a ghlacadh i ranganna ceoil agus damhsa. Gan aon agó, is é ár halla an suíomh is fearr do ranganna dá leithéid, le stáitse suntasach ag barr an halla.
Bíonn raon leathan gníomhaíochtaí pobail ar siúl sa halla, ar nós peil, sacar, ranganna aclaíochta agus go leor cruinnithe chomh maith. Ní féidir a shéanadh ach gur mol ríthábhachtach é an halla pobail, a thugann deis do mhuintir na háite bualadh lena chéile, nascadh agus rochtain a fháil ar phríomhsheirbhísí na háite seo.
Baineann an crèche, an naíonra, agus an bunscoil áitiúil úsáid iontach as an halla i gcomhair go leor imeachtaí difriúla. Is féidir le cónaitheoirí an bhrú feidhm a bhaint as chomh maith.Ina theanta seo, tá an tóir air i measc grúpaí móra, cumainn choláiste agus turais scoile.
Le cur in áirithe, déan teagmháil linn anseo .
