Ionad Cúram Leanaí na Dromoda
Oscailte Luan – Aoine
8.30rn – 5.30in
Seirbhísí:
Cúram na Creise ar feadh an lae do leanaí 4 mhí go 5 bliana
Naíonra do pháistí 3-5 bliana d’aois (Réamhscoil)
Cúram Tar éis Scoile suas go dtí 12 bliain d’aois
Club Spraoi seachtainiúil ar an Déardaoin
Campaí Samhraidh – I rith Iúil agus Lúnasa
Stair Ghearr
Bunaíodh Naíonra na Dromoda sa bhlian 2004 agus bhí sé maoinithe ar dtús ag CCCL (Clár comhdheiseanna Cúram Leanaí).Thuig bunaitheoirí an Naíonra seo an tábhacht a bhaineann leis an luathoideachas agus an ról riachtanach atá aige chun tacú leis an nGaeilge ó na glúine. Tá meánlíon de 30 leanaí ag baint úsáide as an ais Cúram Leanaí ar bhonn seachtaniúil.
Tá an ais ar oscailt ó Luain go hAoine ó 8:30rn go dtí 5:30in agus freastalaimíd ar leanaí ó 4 mhí go 12 bhliain d’aois. Cuirtear cúram ar fáil do pháistí bunscoile san iarnóin. Cuireann an naíonra oideachas réamhscolaíochta ar fáil gach maidin trí mheán na Gaeilge, ag cabhrú leis na páistí réimse leathan scileanna a chur chun cinn ar nós scileanna mothúchánach, sóisialta, fisiciúla agus cognaíocha. Déantar na rudaí seo i dtimpeallacht spraoiúil agus cruthaitheach atá fáiltiúil, spreagthach, tacúil, sábháilte, folláin agus dearfach.
Úsáideann seirbhísí Comhar Naíonraí na Gaeltachta an Ghaeilge amháin ag mealladh na páistí, tuismitheoirí agus an fhoireann ar fad. Cuireann siad cláracha ar nós Loinnir, Aistear, Borradh agus Síolta i bhfeidhm, ag díriú isteach ar fheabhsú teanga, sealbhú agus tairbhe a bhaint as an úsáid nádúrtha, le béim ar an gcainiúnt áitiúla.
Cuirimíd gníomhaíochtaí ar nós drámaí, ceardaíochta agus ceol ar fáil chun neamhspleáchas daoine óga agus a bród cultúrtha a neartú, taobh le hacmhainí oideachas éagsúla.
Is í an Ghaeilge an phríomhtheanga ar fud na háise cúram leanaí.
