Bun Club na Dromoda
Ag bun club na Dromoda is féidir le daoine óga bualadh lena chéile agus páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí ar nós peil ghaelach, ceol, cluichí cláir agus cispheil. Cabhraíonn bun-clubanna a chinntiú go bhfásann daoine óga suas i dtimpeallacht atá slán, sábháilte agus tacúil. Ní hiad na daoine óga amháin a bhaineann tairbhe as -faigheann ár n-oibrithe deonacha luach saothar ollmhór uaidh chomh maith, agus anuas ar sin, déanann siad naisc nua ina bpobail.
Tá bun club na Dromoda ar oscailt do pháistí bunscoile ó rang a 3 go rang a 6. Téann an club ar go leor turais i rith na bliana agus baineann na páistí an taitneamh agus tairbhe astu. Is iomaí turais a bhí againn go dtí seo, ar nós an phictiúrlann agus an Aquadome i dTrá Lí.
Tá an club cláraithe le hÓige na Gaeltachta. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach éinne a chabhraigh linn go dtí seo, agus aitheantas speisialta a thabhairt do na tuismitheoirí a dhéanann maoirisiú orainn agus a théann in éineacht linn.
