Tá Brú na Dromoda oscailte do ghrúpaí ar idir mí Bealtaine agus Méan Fhómhair. Tá sé thar a bheith oiriúnach do ghrúpaí siúlóide, nó grúpaí scoile mar tá halla spóirt ar fáil dóibh. Tá muid anois ag glacadh le áirithintí i gcomhair 2010, déan teagmhail linn chun seomra a cur san áireamh. |
I 2006 bhuaigh Forbairt na Dromoda an Catagóir Fiontar Pobail don Thiar Theas do Fiontraíocht. Tá réimse leathan Seirbhísí Pobail i bhfeidhm ag Forbairt na Dromoda, ar nós Cúram Leanaí, Seirbhísí do Aosaigh,Seirbhís Faoiseamh, Ranganna Gaeilg, Halla Poiblí agus araile.
|
Tá trí aonad fiontriachta le Leathanbhanda tóghta ag an bpobal aitiúil agus tá muid ag obair chun comhlachtaí I.T. a mhealladh go dtí an cheantair. Tá sé tábhachtach dúinn go mbeadh daoine oilte le fáil sa cheantar. De bharr sin cuirtear ranganna traenála ar siúl sa cheantar, agus tá go leor daoine áitiúla oilte d'aon gnó a bheidh ag lonnú sa cheantar.
|
Tá triúr ag obair san oifig anois, Cáit Uí Chonaill mar Bhainisteoir an Ionaid, Micheál Ó Beaglaoí mar Bhainisteoir Cúnta agus Máire Uí Shúilleabháin mar Rúnaí. Tá postanna Cháit agus Micheál maoinithe ag Údarás na Gaeltachta. Cuirtear seirbhísí ar nós fótachóipeáil agus idirlíon ar fáil don phobail. Tá fáilte roimh aon duine teacht isteach chun iad seo a húsáid nuair atá an oifig oscailte. |
Anseo beidh tú ábalta eolas suas chun dáta a fháil ó Forbairt na Dromoda ar nuacht agus imeachtaí. |