-
Childcare
- Home
- Childcare

Oscailte Luan – Aoine
8.30rn – 5.30in
Seirbhísí:
Cúram na Creise ar feadh an lae do leanaí 4 mhí go 5 bliana
Naíonra do pháistí 3-5 bliana d’aois (Réamhscoil)
Cúram Tar éis Scoile suas go dtí 12 bliain d’aois
Club Spraoi seachtainiúil ar an Déardaoin
Campaí Samhraidh – I rith Iúil agus Lúnasa
Stair Ghearr
Osclaíodh Curam Leanaí na Dromoda i 2004. Maoiníodh an foirgneamh agus an fhoireann ar dtús tríd an EOCP (Clár Comhdheiseanna Cúraim Leanaí). Tá an tsaoráid ar oscailt ó 8.30rn go 5.30in ó Luan go hAoine agus cuireann sí cúram ar fáil ó 4 mhí go 12 bhliain d’aois. Cuirtear cúram ar fáil do pháistí bunscoile san iarnóin agus bíonn Club Spraoi ar siúl gach Déardaoin ó 3 – 5 in. Cuireann an Naíonra oideachas réamhscolaíochta ar fáil gach maidin trí mheán na Gaeilge. Tá meánlíon de 30 leanbh ag baint úsáide as an áis Cúram Leanaí ar bhonn seachtainiúil.
Is í an Ghaeilge an phríomhtheanga ar fud na háise cúram leanaí.
Is í Eilís Uí Shaircheallaigh comhordaitheoir an chúraim leanaí.
Reáchtáladh campaí samhraidh don chéad uair i mí Iúil agus Lúnasa 2007 agus is imeacht bliantúil iad anois.
Nuair a d’oscail muid fuaireamar maoiniú i bhfoirm deontas foirne ó Pobal faoin gClár Comhdheiseanna Cúraim Leanaí. Maoiníodh an clár seo ag cistí struchtúracha an AE agus tháinig deireadh leis an 31 Nollaig 2007. Ar an dáta sin cuireadh tús le clár nua, maoinithe ag Státchiste na hÉireann agus cuireadh tús leis an gclár seo ar 1 Meitheamh 08. Féachann an clár nua seo, an Clár Infheistíochta Náisiúnta i gCúram Leanaí, le maoiniú a dhíriú go díreach ar thuismitheoirí faoi mhíbhuntáiste. Díríodh an clár go mór ar shaoráidí Cúraim Leanaí sa Phobal in ionaid daonra agus beidh laghdú suntasach ar mhaoiniú dóibh siúd i gceantair thuaithe. Tá clár nua i bhfeidhm anois ina bhfuil maoiniú CCS, CETS agus ECCE i bhfeidhm.