Oscailte ó Luan - Aoine
8.30 am – 5.30pm
Seirbhísí :
Cúram leanaí i gcomhair páistí ó 4 mhí go 5 bliain
Naíonra i gcomhair 3-5 bliain(Naíonra) 9.30-12 ar maidin
Cúram tar éis Scoile suas go dtí dhá bhlian déag d'aois
Club Spraoi uair i rith na seachtaine ar an Déardaoin
Campaí Samhraidh – I rith Mí Iúil agus Mí Lúnasa
Teachtaireacht ón Bainisteoir
Bhí bliain ghnóthach againn anseo, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil ar na tuismitheoirí go léir a úsáideann na háiseanna anseo in Ionad na Dromoda as a gcuid tacaíocht. Tá an líon leanaí cláraithe linn go mhaith i gcomhair áit tuathúil ar nós Dromod, ach tá fáilte roimh a thuile i gcónaí. Faoi láthair tá cúigear ag obair againn sa Chúram Leanaí, atá oscailte ó 8.30 r.n. go dtí 5.30 i.n. ó Luain go hAoine, ag soláthar seirbhís cúram leanaí agus oideachais den scoth tríd imirt.
Tá Club Spraoi againn chomh maith, a bhuaileann gach Luain ó 3.00 i.n. go dtí 5.00 i.n. Bíonn an grúpa seo ag déanamh roinnt gníomhaíochtaí éagsúla ar nós ealaíon agus ceirde, cócaireacht, garraíodóireacht agus cluichí.
Eilís Uí Fhaircheallaigh: Bainisteoir Cúram Leanaí na Dromoda
Tá todhchaí Chúram Leanaí na Dromoda neamhchinnte ó thaobh cúrsaí maoiniú. Go dtí seo fuaireamar maoiniú ó dheontaisí foirne ó Phobal faoin gClár "Equal Opportunities Childcare Programme". Fuaireamar maoiniú do thógáil an Áis Curam Leanaí ó chistí structúra an Aontas Eoraip ach cuireadh deireadh leis ar an 31ú lá de Mhí na Nollag 2007. Thosaigh clár nua ar an dáta sin agus tá cistí an stát ag maoiniú an clár nua sin. Cuireadh an clár i bhfeidhm ar an gcéad lá de Mheitheamh 2008. Déanfaidh an clár seo, "National Childcare Investment Programme", iarracht an t-airgead seo a úsáid i gcomhair tuismitheoirí faoi mhíbhuntáiste. Cuireann an clár seo béim mhór ar áiseanna pobail cúram leanaí sna ceantair baile agus beidh laghdú suntasach ag teacht ar mhaoiniú d'áiseanna Cúram Leanaí amuigh faoin tuath.Tá clár nua CCS, CETS agus ECCE ar Fáil duinn aois.