-
Business Units
Over 300 sq. m of office space already built on site, made up of three units of 100sq. m each
- Home
- Business Units

Tógadh Ionad na Dromoda sa bhliain 2000, agus é mar aidhm aige fostaíocht a chur ar fáil go háitiúil agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá breis is 30 duine fostaithe ar an láthair faoi láthair, idir an oifig phobail, áis cúram leanaí, brú, ionad lae, scéimeanna RSS agus CE agus in Ivertec Teo.
Tá leathanbhanda ar fáil ar fud an tsuímh, chomh maith le go leor páirceála agus rochtain do gach cineál feithicle. Bíonn foireann Ionad na Dromoda i gcónaí ar fáil chun tacaíocht riaracháin agus phraiticiúil a thabhairt, agus tá eolas iontach áitiúil acu a bheidh thar a bheith luachmhar do thionóntaí atá lonnaithe in Ionad na Dromoda.
Tá lucht saothair oilte ar fáil go héasca sa Dromaid, mar gheall ar oiliúint TF fhairsing a rinneadh in Ionad na Dromoda le blianta beaga anuas. Tá breis agus 180 duine tar éis leas a bhaint as an oiliúint seo, agus bheadh sé seo ina acmhainn luachmhar d’aon chuideachta atá ag iarraidh bunú go háitiúil.
Íoslódáil ár bróisiúr anseo !